Eoin 12:37-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -

38. ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”

39. Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:

40. “Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”

41. Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.

42. San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.

Eoin 12