Eoin 11:24-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n‑éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”

25. Dúirt Íosa léi:“Mise an t‑aiséirí agus an bheatha;An té a chreideann ionamsa,fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,

26. agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa,ní bhfaighidh sé bás choíche.An gcreideann tú an méid sin?”

27. “Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”

28. Arna rá sin di, d'imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.”

29. Nuair a chuala sise an méid sin d'éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air.

Eoin 11