2. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.
3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”
4. Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
5. Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.
6. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d'fhan sé dhá lá mar a raibh sé.
7. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.”
8. Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”
9. D'fhreagair Íosa:“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,mar feiceann sé solas an tsaoil seo.