1. Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.
2. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.
3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”
4. Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
5. Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.