Eoin 10:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Níl aon duine á tógáil uaim;is uaim féin a thugaim uaim í,agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaimagus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”

19. D'éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin.

20. Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”

21. Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”

22. Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.

23. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.

24. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

25. D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.

26. Ach ní chreideann sibhse,mar ní de mo chaoirigh sibh.

27. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,agus aithním iad, agus leanann siad mé.

28. Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,agus ní chaillfear go deo iad,ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.

29. M'Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,agus ní féidir d'aon duine fuadach ó láimh m'Athar.

30. Is aon mise agus an tAthair.”

31. Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.

32. D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”

33. D'fhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.”

Eoin 10