Eoin 10:10-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ní thagann an bithiúnach ach chun bheithag goid, ag marú agus ag milleadh.Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acuagus go mbeadh sí acu go fial.

11. Mise an sáraoire,Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

12. An fostúch, nach bhfuil ina aoire,agus nach leis féin na caoirigh,feiceann sé an mac tíre ag teacht,agus fágann na caoirigh agus teitheann,agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.

13. [Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é,agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.

14. Ach is mise an sáraoire,agus aithním mo chuid féin,agus aithníonn mo chuid féin mé,

15. faoi mar a aithníonn an tAthair mé,agus mar a aithnímse an tAthair.Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

16. Tá caoirigh eile agam chomh maith,nach den chró seo iad.Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith,agus éistfidh siad le mo ghlór,agus beidh aon tréad amháin ann,agus aon aoire amháin.

17. Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dommar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim,chun go nglacfainn chugam arís í.

18. Níl aon duine á tógáil uaim;is uaim féin a thugaim uaim í,agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaimagus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”

19. D'éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin.

20. Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”

21. Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”

22. Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.

23. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh.

24. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

25. D'fhreagair Íosa iad:“D'inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m'Athar,tugann siad fianaise i mo thaobh.

Eoin 10