Eoin 1:50-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. D'fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.

51. Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”

Eoin 1