32. Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.
33. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’
34. Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”
35. Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail.
36. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”
37. Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.
38. D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”