17. Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
18. Ní fhaca aon duine riamh Dia.An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,eisean a d'aithris.
19. Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:
20. “Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”
21. D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”
22. Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”
23. Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”
24. Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,
25. agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”
26. Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,