12. Ach an uile dhuine a ghlac é,thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh,dóibh seo a chreideann ina ainm,
13. an mhuintir nach as folanna a rugadh iadná as toil feola,ná as toil fir ach ó Dhia.
14. Agus rinneadh feoil den Bhriatharagus chónaigh sé inár measc,agus chonacamar-na a ghlóir,a ghlóir mar Aonghin ón Athair,lán de ghrásta agus d'fhírinne.
15. Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobhagus glaonn in ard a ghutha:“É seo an té a ndúirt mé faoi:‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”
16. Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,sea, grásta ar ghrásta.
17. Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
18. Ní fhaca aon duine riamh Dia.An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,eisean a d'aithris.
19. Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:
20. “Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.”
21. D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.”
22. Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”