9. Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’
10. Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”
11. Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: “Rinne mé mar a d'ordaigh tú dom.”