Eizicéil 9:4-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”

5. Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: “Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire.

6. Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.

Eizicéil 9