Eizicéil 7:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tubaiste ar mhullach tubaiste! Féach é ag teacht!

6. Tá deireadh tagtha, tá an deireadh tagtha! Féach é ag teacht agus é chugat ina dhúiseacht.

7. Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte.

8. Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

9. Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.

10. “Ag seo an lá! Féach é ag teacht! Tá do shealsa buailte leat; tá an sciúirse réidh agus an díomas in ard a réime.

11. Tá an foréigean fásta mar sciúirse na hurchóide; ní mhairfidh aon duine díobh, ná a bhflúirse, ná a rachmas; agus ní bheidh teacht ar oirearcas ina measc.

12. Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir.

Eizicéil 7