1. “A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig.
2. Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.
3. Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad.
4. Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile:
5. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird.
6. Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna.
7. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird;
8. uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.
9. In éiric bhur n‑imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís.
10. Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth.
11. Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.