Eizicéil 48:33-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Ar an taobh theas, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Shimeon, geata Íosácár, geata Zabúlun.

34. Ar an taobh thiar, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Ghád, geata Áiséar, geata Naftáilí.

35. Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”

Eizicéil 48