Eizicéil 48:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin.

23. “Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin.

24. Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon.

25. Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár.

26. Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.

27. Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád.

28. Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.

29. Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.

30. “Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir,

Eizicéil 48