1. “Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán.
2. Ar aon teorainn le Dán, anoir siar, roinn amháin do Áiséar.
3. Ar aon teorainn le hÁiséar, anoir siar, roinn amháin do Naftáilí.
4. Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise.
5. Ar aon teorainn le Manaise, anoir siar, roinn amháin do Eafráim.
6. Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen.
7. Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá.
8. Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.
9. “Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead.