Eizicéil 47:4-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.

5. Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.

6. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.

7. Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn.

8. Dúirt sé: “Sileann an t‑uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr.

Eizicéil 47