Eizicéil 46:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;

2. rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna.

3. Adhrfaidh pobal na tíre ag béal an gheata i láthair an Tiarna ar shabóidí agus ar laethanta na ré nua.

4. Sé uan gan smál agus reithe gan smál a bheidh san íobairt dhóite a ofrálfaidh an prionsa don Tiarna lá na sabóide.

5. Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

6. Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál.

7. Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

8. “Ar dhul isteach don phrionsa rachaidh sé trí phóirse an gheata isteach agus fágfaidh sé an bealach céanna.

9. Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.

10. Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.

Eizicéil 46