Eizicéil 43:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son.

21. Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é.

22. An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh.

23. Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad.

24. Tabharfaidh tú iad i láthair an Tiarna agus croithfidh na sagairt salann orthu agus ofrálfaidh siad don Tiarna mar íobairt dhóite iad.

25. Ar feadh seacht lá caithfidh tú gabhar fireann a sholáthar gach lá d'íobairt pheaca; ní foláir freisin tarbh agus reithe gan smál ón tréad a ofráil.

26. Ar feadh seacht lá déanfaidh siad leorghníomh ar son na haltóra; glanfaidh siad í agus beidh sí coisricthe.

27. Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Eizicéil 43