Eizicéil 42:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug sé ó thuaidh mé isteach sa chúirt inmheánach, go dtí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí [ar an taobh thuaidh] den fhoirgneamh.

2. Bhí siad céad banlámh ar fad, ag dul ó thuaidh, agus caoga banlámh ar leithead.

3. In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu.

4. Bhí cosán isteach os comhair na seomraí a bhí deich mbanlámh ar leithead agus céad banlámh ar fad; d'oscail na doirse ó thuaidh.

5. Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.

6. Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár.

7. Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad.

Eizicéil 42