Eizicéil 40:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.

6. Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;

7. agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.

8. Ansin thomhais sé póirse an gheata, a bhí ocht mbanlámh;

9. agus a ursaineacha, a bhí dhá bhanlámh. Bhí póirse an gheata ar an taobh istigh.

10. Bhí trí thaobhsheomra ar gach taobh den gheata thoir; bhí na trí cinn ar aon mhiosúr; agus na hursaineacha ar gach taobh bhí siad ar aon mhiosúr.

11. Thomhais sé leithead bhéal an gheata, a bhí deich mbanlámh; agus leithead an gheata tríd síos, a bhí trí bhanlámh déag.

12. Bhí ráille os comhair na dtaobhsheomraí, a bhí banlámh ar gach taobh; agus bhí na taobhsheomraí sé bhanlámh ar gach taobh.

13. Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras.

Eizicéil 40