Eizicéil 37:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Nuair a d'amharc mé bhí féitheacha orthu, bhí feoil ag fás orthu agus bhí craiceann á gclúdach; ach ní raibh aon anáil iontu.

9. Dúirt sé liom ansin: “Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.”

10. Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus d'éirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu.

11. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’

12. Tairngir dá bhrí sin agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá mé chun bhur n‑uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n‑uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael.

13. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n‑uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n‑uaigheanna, a phobal liom.

14. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é - an Tiarna a labhraíonn.”

15. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

16. “A mhic an duine, glac chugat bata agus scríobh air: ‘Thar ceann Iúdá agus chlann Iosrael i gcomhar leis.’ Glac bata eile ansin agus scríobh air: ‘Thar ceann Iósaef, bata Eafráim, agus muintir Iosrael uile atá i gcomhar leis.’

17. Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad.

Eizicéil 37