1. Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha.
2. Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha.
3. Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise.
4. Dúirt seisean: “Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna.
5. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na cnámha seo: Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo.
6. Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”
7. De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile.
8. Nuair a d'amharc mé bhí féitheacha orthu, bhí feoil ag fás orthu agus bhí craiceann á gclúdach; ach ní raibh aon anáil iontu.
9. Dúirt sé liom ansin: “Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.”
10. Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus d'éirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu.
11. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’