Eizicéil 36:34-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Saothrófar an talamh scriosta arís in áit é a fhágáil ina bhlár folamh os comhair cách a théann an bealach.

35. Déarfaidh siad: ‘An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.’

36. Tuigfidh na ciníocha máguaird gur mise, an Tiarna, a d'atóg na fothracha agus a d'ithchuir an fásach. Mise, an Tiarna, a labhair agus tabharfaidh mé chun críche é.

37. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,

38. amhail tréad naofa, amhail tréad in Iarúsailéim ar na féilte sollúnta. Mar sin a líonfar na cathracha bánaithe le tréad daoine. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”

Eizicéil 36