Eizicéil 35:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bánóidh mé do chathracha agus fágfar folamh thú; tuigfidh tú gur mise an Tiarna.

5. De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpíonóis deiridh;

6. dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.

7. Fagfaidh mé Sliabh Shaeír ina fhásach léirscriosta agus fágfaidh mé gan taistealaí ann ná as.

8. Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.

9. Fágfaidh mé thú i d'fhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.

Eizicéil 35