7. Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán,chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce.
8. Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé;ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith,ná a leithéid de bheangáin ag crann plána,ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.
9. Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag;bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé.
10. “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde,
11. thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é.
12. Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d'imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é.
13. Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha.