16. Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce.
17. Na ciníocha a dhéanadh cónaí faoina scáth, chuaigh siad uile síos leis go Seól chucu siúd a bascadh leis an gclaíomh.
18. “An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh.“Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”