Eizicéil 31:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh:Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht?

3. Le céadras sa Liobáin gan amhras,le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard,a bharr i measc na néalta.

4. Chothaigh na huiscí é,thug an duibheagán air fás go hard,trína aibhneacha a chur ag sníthar láthair a fhréamhaithe,a shrutháin chun crainn uile na foraoise.

5. Uime sin d'fhás sé níb airde ná na crainn eile;mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amachde thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis.

6. Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir;bheireadh na hainmhithe allta uile a n‑óga faoina chraobhacha;shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt.

7. Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán,chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce.

8. Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé;ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith,ná a leithéid de bheangáin ag crann plána,ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.

9. Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag;bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé.

10. “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde,

11. thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é.

12. Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d'imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é.

13. Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha.

Eizicéil 31