Eizicéil 3:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo.

5. Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur;

6. ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú d'éistfidís leat.

7. Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir.

8. Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin.

9. Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.”

10. Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach.

Eizicéil 3