Eizicéil 3:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

21. Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.

22. Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.”

23. D'éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh.

24. Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom.Dúirt sé liom: “Imigh agus druid tú féin istigh i do theach.

25. Agus tusa, a mhic an duine, cuirfear cuibhreacha ort anois, agus ceanglófar thú leo i dtreo nach mbeidh ar do chumas imeacht i measc an phobail.

26. Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad.

27. Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia.’ An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.”

Eizicéil 3