1. Sa deichiú bliain, ar an dara lá déag den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile.
3. Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Féach, tá mise i d'aghaidh,a Fhorainn, a rí na hÉigipte,a chrogaill mhóir,ag únfairt i lár srutháin na Níle,a deir: ‘Is liomsa féin an Níl,mise a rinne [í].’
4. Cuirfidh mé duáin trí do ghiallaagus tabharfaidh ar éisc do shruthándul i bhfostú i do lanna.Tabharfaidh mé aníos thú as do shrutháinagus éisc uile do shrutháni bhfostú i do lanna.
5. Caithfidh mé amach san fhásach thú,tú féin agus éisc uile do shruthán;titfidh tú ar mhachaire lom,gan do chruinniú le chéilená do chur sa talamh.Tabharfaidh mé mar bhia thúdo bheithígh an mhachaireagus d'éanlaith an aeir,
6. ionas go dtuigfidh muintir uile na hÉigiptegur mise an Tiarna.Óir bhí tusa mar bhata giolcaíag muintir Iosrael.
7. Nuair a rug siad greim ortbhris tú ina lámha,agus réab a nguaillí uile;nuair a lig siad taca leatbhris tú arísagus chuir a leasracha ar crith.