Eizicéil 27:31-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon,crioslóidh iad féin le sacéadach,caoinfidh siad ar do shonle doilíos croí go géar goirt.

32. Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn,agus iad ag caoineadh ar do shon:Cé riamh a scriosadhmar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?

33. Nuair a tháinig do lastaí i dtírchothaigh tú a lán daoine;shaibhrigh tú ríthe an domhainle méid do mhaoine is d'earraí.

34. Tá tú scriosta anois ag na huiscí,i ndoimhneacht na farraige móire;tá do lasta agus d'fhoireann báitemar aon leat féin.

Eizicéil 27