Eizicéil 26:6-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. A hiníonacha ar tír mhór titfidh siad leis an gclaíomh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.

7. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.

8. Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.

9. Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.

10. Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois.

11. Satlóidh crúba a chuid capall ar do shráideanna uile, maróidh sé do mhuintir leis an gclaíomh, agus teilgfidh do cholúin ollmhóra síos go talamh.

Eizicéil 26