6. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t‑olc istigh agat do thír Iosrael,
7. sínfidh mé mo lámh in bhur n‑éadan dá bharr. Tabharfaidh mé suas thú mar chreach do na ciníocha; réabfaidh mé as a chéile thú mar náisiún; scriosfaidh mé thú mar thír, millfidh mé thú. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.
8. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile;
9. dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
10. Tabharfaidh mé suas í do mhuintir an oirthir, naimhde na nAmónach. Tabharfaidh mé suas í ionas go n‑imeoidh na hAmónaigh as cuimhne na gciníocha.
11. Sin mar a chuirfidh mé pionós ar Mhóáb agus tuigfidh cách gur mise an Tiarna.
12. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn;
13. dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán.
14. Imreoidh mé díoltas ar Eadóm le cuidiú mo phobail, Iosrael. Caithfidh siad le hEadóm de réir mo chuthach feirge agus aithneoidh cách gurb é mo dhíoltas é - an Tiarna Dia a labhraíonn.