Eizicéil 25:10-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Tabharfaidh mé suas í do mhuintir an oirthir, naimhde na nAmónach. Tabharfaidh mé suas í ionas go n‑imeoidh na hAmónaigh as cuimhne na gciníocha.

11. Sin mar a chuirfidh mé pionós ar Mhóáb agus tuigfidh cách gur mise an Tiarna.

12. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn;

13. dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán.

14. Imreoidh mé díoltas ar Eadóm le cuidiú mo phobail, Iosrael. Caithfidh siad le hEadóm de réir mo chuthach feirge agus aithneoidh cách gurb é mo dhíoltas é - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir na Filistínigh díoltas, díoltas mailíseach, agus gur thug siad faoi scriosadh le naimhdeas gan stad;

16. dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta.

17. Imreoidh mé díoltas mór orthu agus tabharfaidh mé drochíde fhíochmhar orthu. Nuair a leagfaidh mé mo dhíoltas orthu tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”

Eizicéil 25