1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n‑éadan.
3. Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;
4. dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne.
5. Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.
6. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t‑olc istigh agat do thír Iosrael,
7. sínfidh mé mo lámh in bhur n‑éadan dá bharr. Tabharfaidh mé suas thú mar chreach do na ciníocha; réabfaidh mé as a chéile thú mar náisiún; scriosfaidh mé thú mar thír, millfidh mé thú. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.
8. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile;
9. dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
10. Tabharfaidh mé suas í do mhuintir an oirthir, naimhde na nAmónach. Tabharfaidh mé suas í ionas go n‑imeoidh na hAmónaigh as cuimhne na gciníocha.
11. Sin mar a chuirfidh mé pionós ar Mhóáb agus tuigfidh cách gur mise an Tiarna.
12. “Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn;