6. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach,don phota meirgeachnach bhfuil a mheirg inghlanta!Taosc é greim ar ghreimgan crainn a chaitheamh.
7. Óir tá a fuil ina lár fós.D'fhág sí í ar charraig lom;níor dhoirt ar an talamhlena ceilt faoin deannach.
8. Chun mo chuthach a ghríosú,chun cúiteamh a bhaint amach,d'fhág mé a fuil ar charraig lomionas nach i bhfolach a bheadh sí.
9. “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach!Déanfaidh mise craos tine.
10. Coinnigh an connadh léi, las í,bruith an fheoil go maith, spíosraigh í,dóitear na cnámha.
11. Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleogago dtí go mbeidh a phrás te,go loiscfidh an prás ina chaor the,go leáfar an salachar istigh,go ndófar an mheirg.
12. “Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine.
13. Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.
14. Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
15. Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:
16. “A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.
17. Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”
18. D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.
19. Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?”
20. Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:
21. ‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
22. Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.