Eizicéil 24:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

15. Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:

16. “A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.

17. Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”

18. D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.

19. Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?”

20. Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:

21. ‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

Eizicéil 24