Eizicéil 24:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam.

2. “A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin.

3. Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia:Cuir an pota síos,Cuir síos é agus doirt uisce ann.

4. Cuir na spólaí feola isteach,gearrthóga den chéad scoth,an tsliasaid agus an slinneán;líon é le togha na gcnámh.

5. Glac togha an tréada,coinnigh connadh ina mholl fúithi.Tabhair ar an bpota fiuchadh leisionas go mbruithfear na cnámha féin.

6. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach,don phota meirgeachnach bhfuil a mheirg inghlanta!Taosc é greim ar ghreimgan crainn a chaitheamh.

7. Óir tá a fuil ina lár fós.D'fhág sí í ar charraig lom;níor dhoirt ar an talamhlena ceilt faoin deannach.

8. Chun mo chuthach a ghríosú,chun cúiteamh a bhaint amach,d'fhág mé a fuil ar charraig lomionas nach i bhfolach a bheadh sí.

9. “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Is mairg don chathair fhuilteach!Déanfaidh mise craos tine.

10. Coinnigh an connadh léi, las í,bruith an fheoil go maith, spíosraigh í,dóitear na cnámha.

11. Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleogago dtí go mbeidh a phrás te,go loiscfidh an prás ina chaor the,go leáfar an salachar istigh,go ndófar an mheirg.

Eizicéil 24