Eizicéil 23:37-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh.

38. Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí.

39. An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n‑íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa.

40. “Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda;

41. shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus m'ola.

42. Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn.

43. Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi?

44. Óir chuaigh siad ina dáil amhail fir i ndáil striapaí. Ba mar seo a chuaigh siad i ndáil Oholá agus Ohoilíbeá, mná na graostachta.

45. Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”

46. Deir an Tiarna Dia é seo: “Tabhair slua aníos ina gcoinne agus tabhair suas don uafás agus don chreach iad.

47. Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n‑iníonacha agus dófaidh a dtithe.

48. Mar sin a choscfaidh mé graostacht sa tír, ionas go nglacfaidh an uile bhean chuici féin an rabhadh gan déanamh de réir bhur ngraostachta-sa.

49. Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.”

Eizicéil 23