Eizicéil 23:19-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

20. agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.

21. Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.

22. “Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,

23. na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n‑ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill.

24. Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.

25. Díreoidh mé m'éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d'iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine.

26. Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo.

27. Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó.

28. Óir, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé suas thú dóibhsean is gráin leat, dóibh siúd ar thug tú cúl leo le déistin.

29. Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon

30. a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola.

31. Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh.

32. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ólfaidh tú as corn do dheirféargo domhain agus go fairsing,corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ortle flúirse na dí.

33. Líonfar thú le meisce agus le doilíos.Corn an uafáis agus an dóláis,corn do dheirféar, an tSamáir,

Eizicéil 23