Eizicéil 23:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ach mhéadaigh sise a striapachas chomh luath agus a chonaic sí fir tarraingthe ar bhallaí, íomhánna na gCaildéach daite le flanndearg -

15. criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle - agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.

16. Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa.

17. Tháinig na Bablónaigh chuici go leaba an ghrá agus thruailligh siad í lena ndrúis. Tar éis a truaillithe d'iompaigh sí uathu agus í dúdhóite leo.

18. Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.

19. Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

20. agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.

21. Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.

Eizicéil 23