Eizicéil 23:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. “Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr.

12. Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha.

13. Chonaic mé go raibh sí mígheanmnaí, go raibh siad beirt chomh truaillithe lena chéile.

14. Ach mhéadaigh sise a striapachas chomh luath agus a chonaic sí fir tarraingthe ar bhallaí, íomhánna na gCaildéach daite le flanndearg -

15. criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle - agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.

16. Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa.

17. Tháinig na Bablónaigh chuici go leaba an ghrá agus thruailligh siad í lena ndrúis. Tar éis a truaillithe d'iompaigh sí uathu agus í dúdhóite leo.

18. Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.

19. Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

20. agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.

21. Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.

22. “Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,

Eizicéil 23