1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin.
3. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá an chathair ag cur fola taobh istigh di féin leis an sprioclá a bhrostú! Tá íola á ndéanamh aici lena truailliú féin!
4. Tá tú ciontach as an bhfuil a dhoirt tú, thruailligh tú thú féin sna híola a rinne tú. Thug tú ar do lá druidim leat, tá ceann scríbe do shaoil ar láimh. Uime sin, rinne mé ábhar masla díot os comhair na gciníocha agus ceap magaidh os comhair na dtíortha go léir.
5. Beifear ag fonóid fút ó chian agus ó chóngar, a chathair mhíchlúiteach challánach.
6. Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.
7. Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.
8. Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.
9. Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.
10. Taispeánann siad tarnochtacht a n‑aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine.
11. Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.
12. Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.
13. “Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.
14. An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.
15. Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.