7. Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.
8. Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread.“Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.
9. Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.
10. Threoraigh mé iad amach as tír na hÉigipte agus isteach san fhásach.
11. Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.
12. Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad.
13. Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór.“Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.