20. An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.
21. “Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.
22. Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé.
23. An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?
24. Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.
25. “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?
26. Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.
27. Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.
28. De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.
29. Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?