Eizicéil 18:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

18. Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.

19. “Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.

20. An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t‑athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.

21. “Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.

22. Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé.

23. An mbainim sult as bás an drochdhuine? - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?

24. Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.

25. “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

26. Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.

27. Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán.

28. De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.

29. Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?

30. Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.

Eizicéil 18