Eizicéil 18:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:

2. “Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael:D'ith a n‑aithreacha caora searbha;agus tá déistin ar fhiacla na clainne?

3. “Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael.

Eizicéil 18