17. Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil.
18. De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán.
19. “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.
20. Leathfaidh mé m'eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d'imir sé orm.
21. Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.
22. Seo mar a deir an Tiarna Dia:Ó bharr an chéadrais,ón ngéag is airde degearrfaidh mé maothánagus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
23. ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,agus beidh ina chéadras breá.Cónóidh gach sórt éin faoi,lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.